Siar chuig an leathanach baileSiar chuig an leathanach roimhe

Sneachta a Ghlanadh

Sneachta a ghlanadh ó chosáin

  • Féadann sé bheith crua go leor sneachta a ghlanadh – ná tabhair faoin obair ach má tú réasúnta folláin agus mura bhfuil riocht míochaine ort
  • Glan sneachta nó oighear go luath sa lá más féidir
  • Caith coisbheart daingean, inslithe, uiscedhíonach a bhfuil boinn le greim mhaith air
  • Úsáid sluasaid. Tá sluaistí speisialta ar fáil don obair sin ach déanfaidh sluasaid gairdín cúis
  • Déan cosán síos go lár na háite atá á glanadh ionas go mbeidh dromchla glan agat le siúl air
  • Ná húsáid uisce atá ar fiuchadh riamh chun sneachta a ghlanadh (d’fhéadfadh go n-éireodh sé reoite arís agus go gcruthófaí oighear dubh dá bharr)
  • Féadann tú oighear a chosc trí shalann a scaipeadh ar an áit atá glanta agat
  • Nuair a bhíonn sneachta á ghlanadh agat tá sé tábhachtach gan coisithe ná trácht a bhac. Cinntigh go dtógtar an sneachta chuig áit eile nach mbeidh sé mar ghuais

Comhairle Dlí maidir le Glanadh Sneachta agus Grean a Leagan

Tá sé curtha in iúl ag Oifig an Ard-Aighne nach dtagann dliteanas chun cinn áit a nglantar sneachta ó chosáin ar bhealach sábháilte.

Áit a leagann daoine grean a chuir na húdaráis áitiúla ar fáil ar bhóithre, is í an chomhairle dlí ná nach dtagann dliteanas chun cinn áit a ndéantar an t-ábhar a sheachadadh, a stóráil agus a úsáid ar bhealach sábháilte agus nach mbíonn sé mar ghuais.


Siar chuig an leathanach roimhe

Lóghlao 1890-252736 nó 0761 001 608 | r-phost oep@defence.ie