Siar chuig an leathanach baileSiar chuig an leathanach roimhe

An Teach

Bí Ullamh

  • Bíodh soláthar beag de bhia neamh-mheatach agat atá éasca le hullmhú
  • Coimeád soláthairtí breise de chógas riachtanach i gcás go mbeadh sé deacair dul chuig an gcógaslann
  • Coimeád soláthar dóthanach de bhreosla um théamh/chócaireacht agus rogha oiriúnach eile i gcás go dteipfeadh ar an bpríomhsholáthar
  • Bíodh sluasaid agus mála salainn ar fáil agat chun cosáin a choimeád glan agus sábháilte
  • Bíodh cadhnraí agat le haghaidh tóirsí i gcás gearradh cumhachta
  • Bíodh coinnle agus lasáin agat. Ba cheart coinnle a choimeád i gcoinnleoirí cearta amach ó shiorraí i gcónaí. Ná fág coinneal ar lasadh gan duine ina bhun riamh
  • Bíodh coimeádán uisce agat chun soláthar uisce óil a chinntiú
  • Bíodh uimhreacha teagmhála éigeandála ar fáil agat
  • Fág eochair agus sonraí teagmhála le comharsana nó le duine de do theaghlach má tá chun imeacht ar saoire
  • Seiceáil go bhfuil an t-insliú áiléir tiubh agus go bhfuil riocht maith air
  • Feistigh seaicéad fálaithe ar d’umar uisce nó mar rogha eile, cuir ábhar inslithe oiriúnach timpeall bharr agus thaobh an umair
  • Deisigh aon ligin i sconnaí nó i gcomhlaí
  • Bíodh a fhios agat conas an soláthar uisce a chasadh as (is gnách go ndéantar amhlaidh faoi bhun an doirteal cistine)
  • Feistigh eisiatóirí seoidire ar do chuid doirse agus fuinneog
  • Cinntigh go ndéantar cothabháil mhaith ar threalamh téimh, go bhfuil gaothairí cearta air agus go bhfuil sé in ord ceart oibreCinntigh go nglantar simléir uair amháin sa bhliain ar a laghad

Siar chuig an leathanach roimhe

Lóghlao 1890-252736 nó 0761 001 608 | r-phost oep@defence.ie